Marta Harnecker
Marta Harnecker is socheolaí, eolaí polaitíochta, iriseoir agus gníomhaí é. Tar éis di staidéar a dhéanamh le Louis Althusser i bPáras d'fhill sí ar an tSile ó dhúchas di, ach b'éigean di dul ar deoraíocht tar éis coup míleata in aghaidh rialtas Salvador Allende. I gCúba reáchtáil sí an institiúid taighde Memoria Popular Latinoamerica (MEPLA) agus leanann sí ag scríobh. Tá breis is 60 leabhar foilsithe aici go dtí seo, óna clasaiceach The Basic Concepts of Historical Materialism go dtí an leabhar is déanaí The Left after Seattle. Cosantóir díograiseach ar an réabhlóid Bholaiveach, is iad na leabhair is déanaí de chuid Harnecker ná Hugo Chávez Frias: un hombre, un pueblo; Veiniséala: Militares junto al pueblo agus Veiniséala: una revolución sui generis. [Foinse: Zed Books, foilsitheoir Rebuilding the Left (Londain, 2007)]